Is scoil lán Ghaelach í Coláiste Mhuire agus is í an teanga croílár na scoile. Bunaíodh Coiste Gaeilge sa scoil i mí Eanáir 2011 chun an Ghaeilge a spreagadh i measc daltaí na scoile. Tá an Coiste ag dul ó neart chuile bhliain. Beatha teanga í a labhairt. Tá sí mar aidhm ag an gCoiste Gaeilge na daltaí a spreagadh leis an teanga a labhairt sa scoil le bród agus agus le díograis.
Tá ionadaí as gach bliain ar an gCoiste agus bíonn an Captaein Ghaeilge mar chathaoirligh agus cuireann siad imeachtaí ar siúl do phobal na scoile go rialta. I measc na n-imeachtaí a bhíonn á n-eagrú tá Gaeilge 24, Seachtain na Gaeilge, Lá Mór Gaeilge, Feachtas, Cirocal Comhrá, Comórtas G, Seó na Nollaig, Gaelbhratach, Dúshlán, Seó Bóthair. Cuireann na himeachtaí seo ar fad le hatmaisféar Gaelach na scoile agus tugann siad deiseanna do dhaltaí an teanga a úsáid ag ócáidí sóisialta taobh amuigh den ghnáthshuíomh ranga / scoile.
Is bealach an-dearfach an Coiste Gaeilge leis an teanga a chur chun cinn sa scoil agus ag an am céanna tugann sé an deis do dhaltaí ó gach bliainghrúpa freagracht a ghlacadh agus a bheith páirteach go gníomhach i saol na scoile.
Bíonn cruinniú ag an gCoiste gach Luain.
Baill an Choiste 2025-2026
Captaen Gaeilge: Alexandra Ní Eachthairn Bl.6
Leas-Chaptaen: Niamh de Buitléir Bl.5
Cinnirí Gaeilge Choláiste Mhuire 2025-2026
Bliain 1: Eirinn Ní Chléirigh & Séimi Ó Tuachair
Bliain 2 : Cian Ó Murchú & Kaedan Ó Broin
Bliain 3: Jack Ó Cuaig & Ellen Ní Chearbhaill
Bliain 4: Saoirse Ní Chaoimh & Saoirse Ní Leathlobhair
Bliain 5: Robyn Ní Bhraonáín Ní Mhaoilbhríde
Bliain 6: Leon de Brún Mac Aoide & Sorcha Nic Dhomhnaill Ní Churáin
Baill Foirne:
Mr. Mac Giolla Phádraig, Ms Ní Ghoill & Ms Ní Mhaolmhín
Seo thíos cúpla focal ónár gCaptaen Gaeilge, Alexandra Ní Eachthairn.
"Is pribhléid agus onóir é a bheith in ann ár dteanga dhúchais a labhairt. Is siombail chumhachtach í an Ghaeilge de stair agus d'fhéiniúlacht uathúil, sainiúil na hÉireann. Is iad aidhmeanna an Choiste Gaeilge ná an Ghaeilge a chur chun cinn agus a neartú i measc phobal na scoile agus i gcéin, mar sí i bhfad níos luachmhaire ná ábhar scoile amháin. Cuireann Coláiste Mhuire deiseanna ar fáil do dhaltaí dul i ngleic leis an teanga agus leis an gcultúr trí ghníomhaíochtaí spraíúla ar nós cluichí, comórtais, ceol agus imeachtaí spóirt. I mo thuairimse, is bunús í an Ghaeilge do thimpeallacht agus do phobal na scoile ar fad. Tá sé de sprioc agus d’fhís agam go mbeadh an Ghaeilge á labhairt ar bhonn laethúil agus í a choinneáil beo beathach i gColáiste Mhuire.)"

Gaeilge 24 (Samhain 2025)