An Coiste Glas
Is grúpa beag, díograiseach atá sa Choiste Glas anseo i gColáiste Mhuire. An aidhm atá againn ná dea-nósanna a chur i bhfeidhm chun láithreán na scoile a dhéanamh níos cairdiúla leis an timpeallacht agus go scaipeadh na buntáistí go dtí an pobal níos leithne.
I mbliana, táimid dírithe ar bhithéagsúlacht a leathnú agus a chaomhnú timpeall na scoile. Chun é seo a bhaint amach, táimid ag iarraidh spásanna atá oiriúnach do ghnáthóg a aimsiú agus a chur in oiriúnt le hábhair éagsúla cosúil le duilleoga agus bláthanna.
Go dtí seo, tá Brat Glas bainte amach againn do théamaí éagsúla, caomhnú fuinneamh, bainistiú dramhaíola, agus cúrsaí taisteal chun na scoile. Tá súil á choimeád againn go bhfuil an dea-obair ar fad sna téamaí seo ag leanúint ar aghaidh i gcónaí.
Bíonn cruinniú againn gach Déardaoin chun a bheith ag obair chun ár spriocanna a bhaint amach.
Baill an Choiste 2025 - 2026
Alexandra Ní Eachtairn 6B
Sorcha Nic Domhnaill Ní Churáin 6B
Rowan Mac Dáibhí 5B
Ashton Ó Conghaile 5B
Jack Ó Cuaig 3P
Alex Ó hEachairn 3P
Cian Ó Maitiú 3P
