Cookie Consent by Free Privacy Policy website
Coláiste Mhuire
Scoil Éamainn Rís

Fáilte ón bPríomhoide /Principal's Welcome

Is cúis bhróid dom fáilte a chur romhaibh chuig ár gcoláiste. ’Siad luachanna na teanga, na hoidhreachta, an chultúir, na spioradáltachta, an chomhoibrithe agus an mheasa a threoraíonn scoláirí, múinteoirí agus pobal na scoile. Toisc gur Ghaelscoil sinn, is tumoideachas iomlán a chuirtear ar fáil do scoláirí an choláiste ní hamháin sa teagasc agus san fhoghlaim a thárlaíonn sa rang ach sa raon fairising imeachtaí a thárlaíonn laistigh agus lasmuigh den seomra ranga araon.
Cé go bhfuilimid tiomanta ár n-oidreacht Ghaelach a chaomhnú, is scoil fhorásach, fhadbhreathnaitheach í Coláiste Mhuire ina in bhfuil ról lárnach ag úsáid éifeachtach na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus modheolaíochtaí teagaisc nua-aimseartha. Ar chomhchéim tábhachtacha dúinne is ea an t-aire a thugann foireann na scoile do chothú ár mbuachaillí agus ár gcailíní ina bhfir agus ina mná óga aibí sa tréimhse a chaitheann siad faoinár gcúram.

I take great pride in welcoming you to our college. Language, heritage, culture, spirituality, co-operation and respect are values that guide our students, staff and the school community. As we are a fully fledged Gaelscoil, our students are provided with total immersion in these values not only in the teaching and learning that happens in the classroom but in the wide range of activities that happen both inside and outside the classroom as well.
While we strive to conserve our Irish heritage, Coláiste Mhuire is a progressive, visionary school in which the use of ICT and modern teaching and learning methodologies play a key role. Of equal importance to us, is the attention given by staff in nurturing our boys and girls into mature young men and women during their time in our care.

Ní neart go cur le chéile.

Oisín Mac Eoin, Príomhoide

Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Mhuire,
Bóthar Ráth Tó,
BÁC 7,
D07 CY97

01 868 8996



Uimhir Charthanachta Chláraithe: 20145415
Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Mhuire