Cookie Consent by Free Privacy Policy website
Coláiste Mhuire
Scoil Éamainn Rís

Coiste Folláine / Wellbeing Committee

Tá ról lárnach ag an gCoiste Folláine i bpobal na scoile. Tá meascán de mhúinteoirí agus scoláirí ó gach bliain sa scoil ar an gCoiste. Is é an príomhaidhm atá ag an gCoiste ná chun sláinte meabhrach, mothúcánach agus fisiciúil pobal uile na scoile a chur chun cinn. Déanaimd mar Choiste Folláine ár ndícheal ár scoil agus níos tábhachtaí arís ár scoláirí a choimeád sláintiúil sna bealaí seo a leanas:

Déanann an Coiste iarracht timpeallacht ina mothaíonn gach baill de phobal na scoile slán sábháilte. Chuige seo, chrochamar póstaer timpeall na scoile faoi na tacaíochtaí atá ar fáil sa scoil. Chruthaíomar boscaí folláine le deis a thabhairt do dhaltaí a bhfadhbanna a nochtadh agus go ndéantar rud faoi.

Eagraíonn an Coiste Seachtain Folláine gach bliain chun feasacht a ardú i measc pobal uile na scoile faoi gach gné den fholláine- itheachán sláintiúil, aclaíocht agus meabhairsláinte san áireamh. Samplaí de ghníomhaíochtaí a eagraíodh go dtí seo, ná comórtas cispheile uile-scoile, lá na gníomhaíochtaí deasa agus tionóil gníomhach.

Baill an Choiste 2024-2025

Tacaíochtaí do Scoláirí/Tuismitheoirí

An bhfuil tú faoi bhrú? An bhfuil rudaí ag cur isteach ort? An bhfuil tú buartha faoi chara leat? Tá cabhair ar fáil ar scoil ach mura bhfuil tú ag iarraidh é a phlé le duine ar scoil, tá cabhair ar fáil in áiteanna eile. Tá liosta de shuíomhanna thíos atá úsáideach do dhéagóirí nó dá dtuismitheoirí/gcaomhnóirí:

Aware(www.aware.ie)

Grow Mental Health Movement in Ireland (www.grow.ie)

Mental Health Ireland (www.mentalhealthireland.ie/mh-services)

Pieta House (www.pieta.ie)

Shine (www.shine.ie)

SpunOut (www.spunout.ie)

Alcohol Action Ireland (www.alcoholireland.ie)

Drugs.ie (www.drugs.ie)

Jigsaw (www.jigsaw.ie)

Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Mhuire,
Bóthar Ráth Tó,
BÁC 7,
D07 CY97

01 868 8996



Uimhir Charthanachta Chláraithe: 20145415
Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Mhuire