Cookie Consent by Free Privacy Policy website
Coláiste Mhuire
Scoil Éamainn Rís

An Ghaeilge

An Ghaeilge

Is scoil lán Ghaelach í Coláiste Mhuire. Ar an mbonn sin is í an Ghaeilge an ghnáththeanga teagaisc sa rang agus an ghnáththeanga cumarsáide i ngach gnéith de shaol na scoile – sna pasáistí, sa halla, sa chlós agus ag imeachtaí a eagraítear laistigh agus lasmuigh den scoil. Bíonn ról láidir ag scoláirí a bhíonn mar bhaill dár gCoiste Gaeilge (An Captaen Gaeilge agus na Cinnirí Gaeilge) an Ghaeilge a chur chun cinn i measc a gcomhleacaithe féin. Eagraítear imeachtaí éagsúla laistigh agus lasmuigh den scoil chun ár scoláirí a spreagadh i leith labhairt na Gaeilge. Anuas ar seo, eagraítear turais Gaeltachta do scolairí na Céad Bliana agus na Ceathrú Bliana gach bliain.

Cuirtear an-bhéim ar chultúr agus oidhreacht na hÉireann i gColáiste Mhuire chomh maith leis an teanga – ar na cluichí Gaelacha agus ar an gceol ach go háirithe. Tá nascanna déanta ag an scoil le hinstitiúidí lasmuigh den scoil agus is ábhar bróid dúinn go mbíonn ár scoláirí ag seinm ceoil i gColáistí tríú leibhéil i rith Seachtain na Gaeilge mar shampla. Buaiteoirí le dhá bhliain anuas ag Ard-Fheis na nÓg, rannpháirteach i nGaeilge 24 go bliantiúil, Comórtais Díospóireachta Uí Chadhain, Tráth na gCeist Feachtas, Óg-Ghluaiseact na Gaeilge, Cumann Féile Scoil Drámaíochta srl.

Coláiste Mhuire is a Gaeilscoil. Consequently, Irish is the standard language of teaching in all our classes and the standard language of communication in every aspect of school life – in the corridors, in the hall, in the yard and at events organised both within and outside the school. Students, who are members of Coiste na Gaeilge (The Irish Committee) i.e. our Captaen Gaeilge (Irish Captain) agus na Cinnirí Gaeilge (Irish Prefects), play a key role in promoting the Irish language amongst their fellow students. Various events are organised within and outside the school to encourage our students in gaining an appreciation of the speaking of Irish. Gaeltacht trips are also organised for 1st, 4th and 5th Year on an annual basis.

Irish culture and heritage are strongly promoted in Coláiste Mhuire as well as the spoken language – our traditional games and music especially. Our college has created links with outside institutions and it is a source of pride that our students have been performing in third level colleges during Seachtain na Gaeilge for many years for example.

Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Mhuire,
Bóthar Ráth Tó,
BÁC 7,
D07 CY97

01 868 8996



Uimhir Charthanachta Chláraithe: 20145415
Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Mhuire