Cothrom an lae seo anuraidh, 24-08-21, sciobadh Bláithín Ní Dhubhlaoich uainn gan choinne. Táimid ag cuimhneamh go speisialta ar a hiníon Caoimhe inniu agus ag seoladh grá chuici. Seo thíos nóta cuimhneacháin a scríobhamar faoi Bhláithín:
Bláithín Ní Dhubhlaoich
Thosaigh ár gcomhghleacaí agus ár gcara Bláithín ag obair i gColáiste Mhuire sa bhliain 2001. Mhúin sí Béarla agus bhí sí i gceannas ar an Roinn Tacaíocht Foghlama. Bhí Bláithín ina hionadaí ceardchumainn de chuid an ASTI ó 2014 go 2020. Bhí sí tiomanta do chuidiú leis na scoláirí go léir a bhí faoina cúram agus ach go háirithe leis na scoláirí a bhí ag streachailt. B’údair sóláis do scoláirí agus do thuismitheoirí iad an meangadh gáire sin nach raibh riamh i bhfad ó haghaidh Bhláithín agus an acmhainn mhaith grinn a bhí inti. Mar Chúntóir Scrúduithe Stáit ba mhinic gurbh í Bláithín an múinteoir deireanach a d’fheicfeadh na scoláirí sula gcuirfidís tús leis an gcéad chuid eile dá n-aistear. Tagann an múinteoir sa dán cáiliúil An t-Oide le Séamas Ó hAodha chun cuimhne:
Aoibhinn ceird an oide
Mar gharnóir lá iúil
D’aistrigh sciamh na scoithe
Ó ghrianán go húir
Bhíomar go léir croíbhriste an drochscéala a fháil i mí Lúnasa 2020 gur sciobadh Bláithín uainn go tobann agus i bhfad ró-luath. Tá pobal Coláiste Mhuire, scoláirí, tuismitheoirí, foireann agus Bord Bainistíochta na scoile fíor-bhuíoch de Bhláithín as an tseirbhís tiomnaithe a thug sí don scoil ar feadh beagnach fiche bliain mar mhúinteoir, mar bhall foirne agus mar bhall den Bhord Bainistíochta. Crothnóimid choíche í. Guímid beannacht dílis Dé ar a hanam uasal.
Our friend and colleague Bláithín joined us in Coláiste Mhuire in 2001 as a teacher of English and Learning Support, a Department she went on to lead. Bláithín served as ASTI shop steward from 2014 to 2020. Committed to helping those with the greatest needs, her friendly face and warm sense of humour sources of comfort for those students (and parents) who found the transition to Post-Primary challenging. As Examination Aide, she was also often the final teacher to wish the students well as they completed the Leaving Certificate and took their place in the wider world. The teacher in the famous poem An t-Oide le Séamas Ó hAodha comes to mind:
Aoibhinn ceird an oide – Wonderful the craft of the teacher
Mar gharnóir lá iúil – Like a gardener on a July day
D’aistrigh sciamh na scoithe – Transferring the beautiful seedlings
Ó ghrianán go húir – From the greenhouse to the soil
We were all heartbroken when we received the awful news in August 2020 that Bláithín had been taken from us far too soon. The Coláiste Mhuire school community, students, parents, staff and Board of Management will be eternally grateful to Bláithín for her twenty years of dedicated service to the school as a teacher, a staff member and as a member of the Board of Management. We will always miss her. We pray for God’s loyal blessing on her noble soul.
Alt ó ASTIR (Eanáir 2021) faoi Bhláithín Ní Dhubhlaoich