Coláiste Mhuire
Scoil Éamainn Rís

Volunteering For All Award

19-Meitheamh-20
Volunteering For All Award

VOLUNTEERING FOR ALL AWARD

Bronnadh plaic dhigiteach ar Choláiste Mhuire i rith na seachtaine ar son páirt a ghlacadh sa chlár “Volunteering For All Award” le Localise Ireland. D’éirigh le Coláiste Mhuire an phlaic a fháil bunaithe ar an obair dheonach atá ar bun ag scoláirí na scoile, ní amháin ar scoil ach sa phobal i gcoitinne chomh maith.

Bhí ocáid scoile le bheith ann ag deireadh na bliana ach dár ndóigh tá sé curtha ar ceal de dheasca Covid19. Tá sé geallta ag Localise Ireland go mbeidh deis eile againn bronnadh oifigiúil a bheith ann sa Choláiste an scoilbhliain seo chugainn.

Le bhur dtoil, tógaigí nóiméad agus léigí an litir oifigiúil a cuireadh chugainn leis an bplaic dhigiteach. Tugann Localise Ireland ardmholadh do scoláirí Choláiste Mhuire agus is deis iontach é aitheantas a thabhairt dóibh as ucht na hoibre ar fad atá déanta acu ar son daoine eile. Táimid thar a bheith bródúil as an obair dheonach go léir atá déanta ag scoláirí Choláiste Mhuire. Ár mbuíochas ó chroí leis an Máistreas Barber as an tionscnamh seo a eagrú. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

No events found
Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Mhuire,
Bóthar Ráth Tó,
BÁC 7,
D07 CY97

01 868 8996



Uimhir Charthanachta Chláraithe: 20145415
Suíomh / Location
© 2020 Coláiste Mhuire