Coláiste Mhuire
Scoil Éamainn Rís

San Am i Láthair – Togra Filíochta Choláiste Mhuire

19-Meitheamh-20
San Am i Láthair – Togra Filíochta Choláiste Mhuire

SAN AM I LÁTHAIR – TOGRA FILÍOCHTA CHOLÁISTE MHUIRE

Tulcaí buíochais leis an Máistreás Nic an Ultaigh a d’eagraigh an togra filíochta San Am i Láthair. Táimid thar a bheith bródúil as na scoláirí agus na múinteoirí a bhí páirteach sa tionscnamh filíochta seo agus molaim iad go léir go hard na spéire. Iarradh ar an tSiúr Mairéad an seoladh oifigiúil a dhéanamh ar an gcnuasach filíochta rí-speisialta seo agus beidh sibh in ann taitneamh a bhaint as gaois a cuid focal thíos:

Bhaineas an-taitneamh ar fad as an gcnuasach filíochta ó scoláirí Choláiste Mhuire. Éacht ollmhór oibre is ea an tionscnamh iontach seo agus tá ard-mholadh tuillte ag ár scoláirí agus a múinteoirí a thug an saothar cruthaitheach seo chun chríche.

Is binn lem' chluas ceol agus rithim na bhfocal sna dánta agus tá beocht ag baint leis na samhla, meafair agus íomhánna a úsáideann siad. Is soiléir go bhfuil cumas suntasach sna hóg-fhilí atá inár measc agus táim cinnte dearfa go mbeidh cáil orthu amach anseo.

Tá an t-ábhar bainteach le saol neamhghnáthach na linne seo agus láimhseáil siad é go healaíonta. Léirigh siad réimse leathan mothúchán: brón agus buairt, dóchas agus éadóchas, greann agus gáire. Is soiléir go bhfuil machnamh déanta acu ar an saol neamhchoitianta atá á chaitheamh acu i láthair na huaire mar in aineoinn na míchaoithiúlachta, tá léargas acu chomh maith ar na féidreachtaí chun fáis agus forbairte atá ag baint leis.

Táimid an-bhródúil as ár sár-scoláirí agus tréaslaímid leo. Léirigh siad tiomantas agus féinfhreagracht sa tslí inar chomhoibrigh siad leis na múinteoirí. Seasfaidh an t-eispéaras seo leo i rith a saoil. Guímid gach rath orthu sna blianta atá rompu amach.

Mairéad Ní Bhuachalla

Séiplíneach na scoile.

Seo hé an nasc chuig an gcnuasach rí-speisialta seo.

https://tinyurl.com/y9btv2rj

No events found
Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Mhuire,
Bóthar Ráth Tó,
BÁC 7,
D07 CY97

01 868 8996



Uimhir Charthanachta Chláraithe: 20145415
Suíomh / Location
© 2020 Coláiste Mhuire