Coláiste Mhuire
Scoil Éamainn Rís

Comórtas Eacnamaí Óg Na Bliana

19-Meitheamh-20
Comórtas Eacnamaí Óg Na Bliana

COMÓRTAS EACNAMAÍ ÓG NA BLIANA

Chuir scoláirí éagsúla isteach ar Chomórtas Eacnamaí Óg na Bliana siar ag tús mhí an Mhárta agus fógraíodh buaiteoirí an chomórtais Dé hAoine 29-05-20. Is éacht acadúil as cuimse é go raibh scoláirí ó Choláiste Mhuire i measc na mbuaiteoirí don chomórtas seo a bhfuil ardmheas air. Is é seo an dara huair ar bhuaigh scoláire dár gcuid an duais óir ó thosaíomar ag cur isteach ar an gcomórtas seo sa bhliain 2016 (cuireann na céadta scoláirí ó gach cearn den tír isteach ar an gcomórtas seo chuile bhliain).

Comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí uilig agus lena múinteoir an Máistir Rossiter!

Duais Óir na Sóisir : Conor Mac Alcóc (BL1)

Duais Airgid na Sinsir : Jack Mac Thomáis agus Kate Nic an Mháisitir (BL5)

Duais Cré Umha na Sinsir : Nazreen Ní Fhlannabhra agus Ellie Ní Chaoimh (BL5)

No events found
Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Coláiste Mhuire,
Bóthar Ráth Tó,
BÁC 7,
D07 CY97

01 868 8996



Uimhir Charthanachta Chláraithe: 20145415
Suíomh / Location
© 2020 Coláiste Mhuire