Sa scoilbhliain 2019-20 chuir beirt scoláire a bhí sa Chéad Bhliain ag an am, Conor Mac Alcoc agus Ailís Ní Bhroin, isteach ar an gcomórtás SciFest, a reachtáladh ar líne. Rinne siad tionscnamh faoi líon na bhfridíní a bhí fágtha ar dhromchlaí éagsúla, agus bhí a gcuid staidéir dírithe ar an impleacht a bheadh aige seo ar scaipeadh Covid-19. Rinneadh an chuid is mó den obair air seo thar thréimhse na dianghlasa anuraidh. Bhuaigh siad an duais “Newstalk Best Communicator” sa chomórtas. Bronnadh teastais agus dearbháin orthu beirt le déanaí. Tá sé i gceist ag Conor leanúint leis an tionscnamh agus é a fhorbairt don chomórtas BTYSE 2021. Táimid an-bhródúil as Ailís agus as Conor agus ar ndóigh as a múinteoir eolaíochta, An Mháistreás Ní Mhéalóid.